Club na Gaeilge

Laochra den Scoth

Laochra den scoth. Fanfaidh Lá Fhéile Pádraig 2016 i gcuimhne gach duine a bhfuil baint aige nó aici le Na Piarsaigh go deo.Lá íontach stairiúil a bhí ann agus lá bródúil freisin mar tháinig Corn Uí Mhórdha cois Sionainne don chéad uair riamh.Thaispeáin foireann na bPiarsach crógacht,bród agus scileanna iomána thar barr.Tar éis an chluiche bhí gach duine tógtha leis an oráid dhátheangach a thug Cathall Mac An Rí.Bhí an t-aistear abhaile ar an traein dochreidte mar bhí curaidh na h-Éireann inár measc leis an gCorn.Cuireadh na fáiltí geala roimh an fhoireann sa chlub agus bhí sé tuillte go maith acu.Caithfear cuimhneach ar na daoine a chuaigh romhainn ,daoine a bhí dílis don chlub le na blianta agus guimís rath ar Paddy Verdon atá in ospidéal.Tar éis 48 mbliana tá Na Piarsaigh ag cruthú a staire féin.Tá bratach na bPiarsach ar foluain agus nach breá an radharc é Trophy

Oíche mhór Cheiliúrtha

Bhí oíche den scoth againn ar an Aoine 23 Eanáir nuair a ceiliúradh bua craobh an chontae sa pheil idirmheánach sa bhliain 2014.

Rinne an bainisteoir Pat Mchugh éacht íontach leis na h-imreoirí agus bhí muinín ag as na leaids seo.
Comhghairdeas freisin le Gerry Shannon agus Frank Finnegan.Gach rath ar na peileadóirí i Roinn na Sinsear i mbliana.
Bhí an banna ceoil Traffic ar fheabhas agus bhain gach duine,idir óg is aosta taitneamh as an ocáid.
Buíochas freisin leis an aoi spéisialta,Anthony Maher ,imreoir le foireann bhuachach ,Ciarraí,a raibh Sam Maguire aige. Bhronn Anthony na boinn ar na h-imreoirí.Na Piarsaigh Abú

Comhghairdeas lenár bhfoireann shinsearach.bhí bua den scoth acu i gcoinne Atháin ar an Domhnach.
Go n-éirí leo sa chraobh i gcoinne Chill Mhócheallóg ar an 19ú Deireadh Fomhair.
Tá súil againn go mbeidh gach duine sa chlub ag tacú foireann idirmheánach sa pheil an Satharn seo chugainn sa chraobh idirmheánach igcoinne Naomh Seanáin.Tá club na Gaeilge faoi lán seoil arís agus más mian leat teacht chuig an cruinniú gach ré Deardaoin beidh fáilte romhat.

CRAOBH NA MUMHAN 2014.

Tá an ócáid speisialta buailte linn !!Beidh Luimneach agus Corcaigh ag iomaíocht lena chéile Dé Domhnaigh.Tá muintir Luimnigh ar bís agus ní nach ionadh.Tá siad muiníneach mar bhí an bua acu anuraidh.
Tá muimtir na bPiarsach ag súil go mór leis an gcluiche.Is cúis bhróid dúinn go léir go bhfuil triúr imreoir on gclub ag tosnú sa chluiche…Shane,Kevin agus David.
Guimid rath orthu agus guimid rath freisin ar Alan agus Cathal ,atá I measc na n-ionadaithe.
Go n-éirí freisin le Paul Beary.traenálaí den scoth.Tá sár jab déanta aige leis an bhfoireann i mbliana.LUIMNEACH ABÚ.

Tá an samhradh buailte linn agus tá club na gaeilge ar a laethe saoire.bhaineamar an- taitneamh as na cruinnithe a bhí ar siúl I rith na bliana.Tá súil againn go mbeidh bliain rathúil íontach ag Na Piarsaigh imbliana.Cheana tá craobh fiche haon buaite acu.Ba bhreá linn gach rath a ghuí ar bhainisteoir nua foireann na sinsear ,Shane Uí Néill agus an lucht bainistíochta go léir .Mar a deir an seanfhocal….”Ní bhíonn an bua gan dua”. Bainigí taitneamh as an samhradh.Go n-éirí le gach foireann I mbliana.Beidh club na gaeilge Ag filleadh arais i mí Meán Fómhair le cúnamh Dé.

Ár Laochra

    Dé Sathairn 8ú Feabhra 2014. Dúrlas Éile

    Bhí gach duine sa chlub idir óg is aosta, ag tnúth go mór leis an gcluiche leath-cheannais seo.
    Bhí ár laochra, foireann shinsir na bPiarsach ag imirt in aghaidh Port Omna.
    Bhíomar an-dhóchasach go mbéadh an bua againni mbliana ach bhí an bua ag Port Omna.
    Ag deireadh an Chluiche ba bhrónach an radharc é i Staid Semple- bhí na h-imreoirí, an lucht leanúna go briste-Chroíoch.
    Ní bheimís ag dul go Páirc an Chrócaigh Lá le Padraig, faraoir gear!
    Cé go bhfuil an turas aislingeach thart, Cathfimid go leír buióchas agus a thabhairt creidiuínt do na h-imreoirí, gach duine acu.
    Rug siad Corn uí Dhálaigh agus Corn Ui Néill leo sa Chraobh 2013.
    Chuir an t-éacht sin gliondar chroí is athas orainn go léir.
    Bhí na leaids seo ainluigh ag traenail go crua sa droch-aimsir fad is a bhiomar le teolaí cois tine( nó istigh sa chlub ag ól!!).
    Míle buíochas, a imreoirí,is sibhse ár laochra agus beidh go deo. Ná déan dearmad ar an lucht bainistíochta ach an oiread.
    Chaith siad óicheanta geimhridh in éineacht leis an bhfoireann nuair a bhí siad ag traenáil. ár mbuiochas leo freisin.
    Beidh craobh 2014 ag tosnú i gceann cúpla mí agus caithfimid a bheith dóchasach. Gan dabht ar bith, beidh lá eile ag Na Piarsaigh

    1. Laochra…..Heroes
    2. lucht bainistíochta…….management team
    3. éacht…….great deed
    4. lucht leanúna……followers
    5. dóchasach…..hopeful
    6. craobh…..championship

    Spread The Word ....

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Help Prevent Spam * Time limit is exhausted. Please reload the CAPTCHA.